Is é atá sa Mhúnla um Rochtain agus Cuimsitheacht (AIM) Tús níos Fearr ná múnla tacaíochtaí atá deartha lena chinntiú go mbeadh leanaí faoi mhíchumas in ann an Clár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige a rochtain. Tá sé mar aidhm aige a chur ar chumas soláthraithe seirbhíse taithí chuimsitheach réamhscoile a chur ar fáil, agus a chinntiú go mbeadh gach leanbh cáilithe in ann páirt iomlán a ghlacadh sa chlár ECCE agus leas iomlán a bhaint as oideachais agus cúram luathbhlianta ar ardchaighdeán.
Múnla leanbhlárnach tacaíochtaí is ea AIM, a bhfuil seacht leibhéal tacaíochta forchéimnithí ag baint leis, ó thacaíocht uilíoch go dtí tacaíocht dhírithe, atá bunaithe ar chuid riachtanas an linbh agus an tsoláthraí sheirbhíse. I gcás mórán leanaí is leor na tacaíochtaí uilíocha a chuirtear ar fáil faoin múnla. I gcás leanaí eile, d'fhéadfadh aon tacaíocht ar leith a bheith riachtanach chun go mbeadh sé in ann páirt a ghlacadh sa réamhscoil, amhail rochtain ar bhall sainfhearais. I gcás roinnte bige leanaí, d'fhéadfadh foireann seirbhísí agus tacaíochtaí a bheith riachtanach. Is é sin le rá, tá an múnla deartha le go mbeadh sé freagrúil do chuid riachtanas gach linbh aonair i gcomhthéacs an tsuímh réamhscoile. Cuirfidh sé tacaíochtaí saincheaptha, praiticiúla ar fáil bunaithe ar riachtanas agus ní bheidh diagnóis foirmeálta míchumais ag teastáil.
Cad iad na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil faoi AIM?
Cuireann AIM foireann tacaíochtaí uilíocha agus dírithe ar fáil idir 7 leibhéil.
Tacaíochtaí Uilíocha (Leibhéil 1 - 3 den Mhúnla um Rochtain agus Cuimsitheacht) Tá tacaíochtaí uilíocha deartha chun cultúr cuimsitheach a chur chun cinn agus chun tacú leis laistigh de shuíomhanna réamhscoile trí roinnt tionscnamh oideachais agus roinnt tionscnamh tógtha acmhainne a úsáid. Go sonrach:
- Tá Cairt nua um Chuimsitheacht i ndiaidh a bheith forbartha d'earnáil na luathbhlianta. Iarrtar ar sholáthraithe seirbhíse a n-ainm a chur leis an gCairt trína mBeartas Cuimsitheachta féin a chuir a dtoil a chéile agus a fhoilsiú. Chun tacú leis an bpróiseas sin, tá Treoirlínte nuashonraithe Ilchineálachta, Comhionannais agus Cuimsitheachta do Chúram agus Oideachas na Luath-Óige i ndiaidh a bheith curtha ar fáil agus cuirfidh na Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí clár náisiúnta oiliúna ar fáil maidir leis an gCairt um Chuimsitheacht agus maidir leis na Treoirlínte. Is féidir an Chairt um Chomhionannas agus Cuimsitheacht a rochtain agus na Treoirlínte um Chomhionannas agus Cuimsitheacht a rochtain anseo.
- Cuirfear tús le clár nua ardoideachais, “Ceannaireacht um Chuimsitheacht sna Luathbhlianta” (LINC), i mí Mheán Fómhair 2016. Cisteoidh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige suas le 900 áit in aghaidh na bliana ar an gclár seo. Beidh céimithe de chuid an chláir in ann tabhairt faoi ról nua ceannaireachta mar Chomhordaitheoir Cuimsitheachta laistigh dá suíomh réamhscoile agus mar gheall air sin cuirfear €2 le haghaidh gach linbh le ráta chaipitíocht ECCE a íocfar don suíomh sin.
- I ndeireadh na dála, cisteoidh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige clár leathan ilbhliantúil oiliúna foirmeálta agus oiliúna neamhfhoirmeálta do bhaill foirne réamhscoile maidir leis an míchumas agus leis an gcuimsitheacht agus cuirfidh na Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí ar fáil é, i gcomhoibriú leis an FSS agus le gníomhaireachtaí eile.
Tacaíochtaí Dírithe (Leibhéil 4 - 7 - den Mhúnla um Rochtain agus Cuimsitheacht) Tugann fianaise idirnáisiúnta le tuiscint gur leor na tacaíochtaí ar leibhéil 1 go 3, ach iad á bhforbairt mar is cuí, chun tacú le mórán leanaí atá faoi mhíchumas. Bíodh sin mar ata, i gcás go measfadh soláthraí seirbhíse, i gcomhar le tuismitheoir nó caomhnóir, gurbh fhéidir gur gá le tacaíocht áirithe eile chun riachtanais linbh ar leith a chomhlíonadh, d'fhéadfaidís iarratas a dhéanamh ar thacaíocht dhírithe amháin nó ar níos mó ná tacaíocht dhírithe amháin dóibh seo a leanas:
- Tá sainchomhairle, meantóireacht agus tacaíocht á gcur ar fáil ag foireann 50 saineolaí i gcúram luathbhlianta agus oideachas le haghaidh leanaí faoi mhíchumas. Tá na saineolaithe sin, ar a dtugtar Speisialtóirí Luathbhlianta (Rochtain agus Cuimsitheacht), lonnaithe i Seirbhís Náisiúnta um Fhorbairt Cáilíochta na Luath-Óige Thús níos Fearr.
- Tá scéim ar fáil chun sainfhearas, sainghléasanna nó deontais chaipitil do mhionathruithe foirgnimh a chur at fáil, a bhíonn riachtanach chun tacú le rannpháirtíocht linbh sa chlár ECCE.
- Tá seirbhísí teiripe, atá ríthábhachtach do rannpháirtíocht an linbh sa chlár ECCE, ar fáil tríd an múnla agus is é an FSS a chuirfidh ar fáil iad.
- Mar fhocal scoir, i gcás nár leor na tacaíochtaí thuasluaite chun cuid riachtanas an linbh a chomhlíonadh, d'fhéadfadh na soláthraithe seirbhíse, i gcomhpháirtíocht le tuismitheoirí nó caomhnóirí, iarratas a dhéanamh le haghaidh caipitíochta breise chun tacaíocht bhreise sa seomra ranga a chistiú nó chun laghdú a dhéanamh ar an gcóimheas idir baill foirne agus leanaí.
Conas is féidir liom tacaíochtaí AIM a rochtain?
Féadfaidh soláthraithe seirbhíse agus tuismitheoirí nó caomhnóirí iarratais a chur isteach le haghaidh tacaíochtaí AIM ó Mheitheamh 2016 lena chur ar a gcumas dóibh pleanáil ar aghaidh le haghaidh clárú réamhscoile i mí Mheán Fómhair 2016 agus ina dhiaidh sin. Ba cheart a thabhairt d'aire go mbeidh an próiseas iarratais ar oscailt i rith na bliana, ach i gcás leanaí atá faoi mhíchumais choimpléascacha, moltar do thuismitheoirí agus do sholáthraithe iarratais a chur isteach go luath.
Tacaíochtaí Uilíocha (Leibhéil 1 - 3 den Mhúnla um Rochtain agus Cuimsitheacht)
Féadann Cleachtóirí Luathbhlianta iarratas a dhéanamh ar an gclár nua ardoideachais, "Ceannaireacht um Chuimsitheacht sna Luathbhlianta" nó (LINC), ag www.lincprogramme.ie.
Fógrófar cláir náisiúnta oiliúna maidir leis na Treoirlínte Ilchineálachta, Comhionannais agus Cuimsitheachta, chomh maith leis an Treoirlínte maidir le míchumas agus cuimsitheacht i gcoitinne, ar an suíomh gréasáin seo agus ar shuíomhanna gréasáin na gCoistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí ar fad. Féadfaidh soláthraithe seirbhíse agus cleachtóirí iarratas a dhéanamh le haghaidh áiteanna ar na cláir oiliúna seo trí Choiste Cúram Leanaí a gCathrach áitiúla nó a Contae áitiúla.
Tacaíochtaí Dírithe (Leibhéil 4 - 7 - den Mhúnla um Rochtain agus Cuimsitheacht)
Féadfar comhairle agus tacaíocht ón tSainseirbhís Luathbhlianta (Rochtain agus Cuimsitheacht) a rochtain ar an bhfón (01-511 7222), trí ríomhphost (onlinesupport@pobal.ie) nó tríd an bhfoirm iarratais ar líne de chuid AIM ag www.pobal.ie. Ní gá an fhoirm sin a chomhlánú ach aon uair amháin chun tacaíochtaí a rochtain ar leibhéil 4, 5, 6 nó 7. Chun chríocha an eolais, is féidir cóip den fhoirm a rochtain anseo.
Chun iarratas a dhéanamh le haghaidh sainfhearais, gléasanna nó deontais do mhionathruithe, ba cheart do sholáthraithe seirbhíse, i gcomhpháirtíocht le tuismitheoirí nó caomhnóir, an chuid ábhartha den fhoirm ar líne thuasluaite a chomhlánú ar PIP. Chun chríocha an eolais, is féidir cóip den chuid seo den fhoirm a rochtain anseo.
Chun iarratas a dhéanamh ar sheirbhísí teiripe nó ar chaipitíocht bhreise chun tacaíochta bhreise sa seomra ranga a chistiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhíse, i gcomhpháirtíocht le tuismitheoirí nó caomhnóirí, an chuid ábhartha den fhoirm iarratais ar líne a chomhlánú ar PIP, lena n-áirítear an mhír den fhoirm a bhaineann leis an bPróifíl um Rochtain agus Cuimsitheacht. Meastar nach mbeadh an chaipitíocht ar leibhéal 7 ag teastáil ach ó 1 go dtí 1.5% de leanaí in ECCE agus dá bhrí sin nach mbeadh ach an céatadán sin de leanaí ina theideal.
Mar fhocal scoir, cé go mbeidh An Múnla um Rochtain agus Cuimsitheacht á thabhairt isteach ó mhí an Mheithimh 2016, tógfaidh sé am lena chur i bhfeidhm go hiomlán agus acmhainn á tógáil ar fud na hearnála.
Conas is féidir liom tuilleadh eolais a fháil amach?
Le haghaidh eolais níos mionsonraithe ar AIM, féach ár gcuid leathanach tiomanta le do thoil Do Thuismitheoirí, Do Sholáthraithe Seirbhíse, ár gcuid Ceisteanna Coitianta agus leathanach gréasáin ár gcuid Eochairdhoiciméad.
Beidh Coiste Cúram Leanaí de chuid do Chathrach áitiúla ábalta tuilleadh eolais agus treorach a chur ar fáil.
Cúlra AIM
I mí na Samhna 2015, sheol an Rialtas Tuarascáil an Ghrúpa Thras-Rannaigh ar an gClár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (COLÓ) do Leanaí faoi Mhíchumas. Sa tuarascáil siúd, leagadh amach fís shoiléir le haghaidh múnla cuimsitheach, leanbhlárnach tacaíochtaí a chinnteodh go mbeadh leanaí faoi mhíchumas in ann an Clár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE) a rochtain i ngnáthshuíomhanna réamhscoile. Thacaigh an Rialtas leis an múnla nua agus cuireadh cistiú ar fáil dó trí Bhuiséad 2016 chun tacú lena thabhairt isteach ó mhí Mheán Fómhair ar leith.
Is tionscnamh Tras-Rialtas í forbairt an Mhúnla nua um Rochtain agus Cuimsitheacht, faoi cheannaireacht na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige, agus tá baint leis freisin ag na an Roinn Sláinte, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus eile. Thug an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, An Dr. Katherine Zappone, T.D., an múnla isteach ar 15ú Meitheamh 2016 le cur ar chumas tuismitheoirí agus soláthraithe seirbhíse pleanáil chun tosaigh le haghaidh cláraithe i mí Mheán Fómhair agus ina dhiaidh sin. Féadann tú amhsrc ar an bPreasráiteas ar thabhairt isteach a mhúnla anseo.

