Is é is Better Start ann ná tionscnamh de chuid na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige, i gcomhar le hAonad Beartas um Oideachas sna Luathbhlianta na Roinne Oideachais agus Scileanna chun cur chuige aonair, comhtháite a chur ar bun ar fud na hearnála um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige in Éirínn. Tá sé mar mhóraidhm ag Better Start comhordú, comhtháthú agus comhsheasmhacht a thabhairt do sholáthar tacaíochtaí ar ardchaighdeán atá á gcistiú ag an Stát, agus oibriú i gcomhréir le córais reachtúla, i.e. an rialachán agus an chigireacht, in earnáil Chúram agus Oideachas na Luath-Óige.
Tá trí phríomhghné i gcroílár Better Start: Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí, na hEagraíochtaí Náisiúnta Deonacha um Chúram Leanaí agus an tSeirbhís náisiúnta um Fhorbairt Cáilíochta na Luath-Óige.
Tá ceann de na príomhghnéithe siúd, an tSeirbhís náisiúnta um Fhorbairt Cáilíochta na Luath-Óige, á óstáil ag Pobal (i.e. feidhmíonn Pobal mar a bheadh fostóir ann, agus soláthraíonn sé spás oifige etc.) Feidhmíonn sé Seirbhís um Fhorbairt Cáilíochta a chuireann meantóireacht agus oiliúint ar fáil ar an láthair do shuíomhanna cúram agus oideachas na luath-óige, agus é ag obair i dteannta le soláthraithe luathbhlianta agus le cleachtóirí luathbhlianta chun tacú le cur i bhfeidhm Síolta - an Creat Náisiúnta Cáilíochta d'Oideachas na Luath-Óige agus Aistear - an Creat um Churaclam na Luath-Óige. Faoin Mhúnla um Rochtain agus Cuimsitheacht, soláthraíonn sé sainchomhairle freisin, chomh maith le meantóireacht agus tacaíocht do sholáthraithe agus do chleachtóirí ó speisialtóirí sa chúram luathbhlianta agus san oideachas do leanaí faoi mhíchumas.
