Ceisteanna Coitianta
Is iad atá sa mhír seo ná Ceisteanna Coitianta maidir leis an gClár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (mír A), an Múnla um Rochtain agus Cuimsitheacht (míreanna B, C agus D) agus díolúintí ón teorainn aoise le haghaidh an Chláir um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (mír E). Is féidir leat cliceáil ar na naisc thíos chun ceisteanna agus freagraí a rochtain maidir le gach ábhar.
Acmhainn 'bheo' a bheidh i gCeisteanna Coitianta feasta agus beifear ag cur leis agus a nuashonrú chun ceisteanna a chur san áireamh a thógfaidh tuismitheoirí, soláthraithe nó páirtithe leasmhar eile.
Mír A: Clár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige
Mír B: An Múnla um Rochtain agus Cuimsitheacht – Ginearálta
Mír C: An Múnla um Rochtain agus Cuimsitheacht – Tacaíochtaí Uilíocha (leibhéil 1 – 3)
Mír D: An Múnla um Rochtain agus Cuimsitheacht – Tacaíochtaí Dírithe (leibhéil 4 – 7)
Mír E: Díolúintí ó Theorainn Aoise ECCE
Mír A: Clár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige
1. Cad is an Clár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige ann?
Faoin gClár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE), cuirtear rochtain ar chúram agus oideachas na luath-óige ar fáil saor in aisce do gach leanbh sa tréimhse sula tosóidh siad ar bunscoil. Tá neart faisnéise ann mar gheall ar na buntáistí do leanaí a bhaineann le cúram agus oideachas na luath-óige ar ardchaighdeán. Cuidíonn réamhscoil ar ardchaighdeán freisin le do leanbh a ullmhú don bhunscolaíocht.
2. Cén uair a fhéadfaidh mo leanbh leas a bhaint as an gclár ECCE?
Le héifeacht ó Mheán Fómhair 2016, beidh leanaí in ann tosú ar scoil saor in aisce i mí Mheán Fómhair, i mí Eanáir nó i mí Aibreáin nuair a bheidh a dtríú lá breithe bainte amach acu agus beidh siad inn ann fanacht ar scoil saor in aisce go dtí go n-aistreoidh siad go dtí an bhunscoil (ar choinníoll nach mbeidh siad níos sine ná 5½ bliana d'aois ag deireadh na bliana réamhscoile, féach an Incháilitheacht COLÓ) le do thoil.
3. Cá mhéad a chosnóidh áit réamhscoile mo linbh orm?
Aon uair a thabharfar conradh do réamhscoil chun clár ECCE a chur ar fáil agus a bheidh an leanbh cáilithe le haghaidh an chláir ó thaobh aoise de, is é an Stát a íocfaidh as costas iomlán na háite agus ní beidh aon chostas ar an tuismitheoir / cúramóir. Féach le do thoil an RLGÓ Cláir Chistithe Cúram Leanaí Faisnéis agus Ceisteanna Coitianta le haghaidh tuilleadh eolais faoi chlár ECCE.
4. Conas a bheidh mé ar an eolas faoi cé hiad na réamhscoileanna a bhfuil conarthaí acu faoi láthair chun clár ECCE a chur ar fáil?
Tá liosta de soláthraithe seirbhíse de chuid ECCE i do cheantar ar fáil ó Choiste Cúram Leanaí do Chathrach áitiúla nó do Chontae áitiúla.
5. Freastalaíonn mo leanbh ar shainréamhscoil 2 lá sa tseachtain, agus molann siad gur cheart go bhfreastalódh mo leanbh ar gháthréamhscoil ar na 3 lá eile den tseachtain; an bhfeadfaí cistiú ECCE a scaradh idir an 2 réamhscoil?
D'fhéadfaí, a luaithe is a bheidh an tsainréamhscoil agus an gnáthréamnscoil i dteagmháil lena chéile chun clár ECCE a chur ar fáil, beidh ar an tsainréamhscoil litir a chur ar fáil ina léireofaí go mbeadh sé chun leas an linbh freastal ar ghnáthréamhscoil i rith na coda eile den tseachtain. Ní mór don ghnáthréamhscoil litir a chur ar fáil freisin ina léireofaí go bhfuil siad ar an eolas go mbíonn an leanbh ag freastal ar shainréamhscoil freisin. Ní mór an dá litir a sheoladh ar aghaidh go díreach chuig Cláir agus Beartais na Luathbhlianta in DCYA lena ceadú.
Mír B: An Múnla um Rochtain agus Cuimsitheacht – Ginearálta
6. Cad is Rochtain agus Cuimsitheacht ann?
Is éard is Rochtain ann ná é a bheith ar chumas an linbh freastal ar réamhscoil. Áirítear le tacú le rochtain constaicí a bhaint as agus freastal ar chuid riachtanas aonair an linbh. Is éard is Cuimsitheacht ann ná é a bheith ar chumas an linbh, sa mhéid is féidir, a bheith páirteach go hiomlán gníomhach sa chlár réamhscoile. Más ga, cuirfear tacaíochtaí cuí ar fáil faoin Múnla um Rochtain agus Cuimsitheacht chun rannpháirtíocht iomlán, fhiúntach a chinntiú.
7. Cad is an Múnla um Rochtain agus Cuimsitheacht (AIM) ann?
Tá an Múnla um Rochtain agus Cuimsitheacht (AIM) deartha lena chinntiú go mbeadh leanaí faoi mhíchumas in ann bheith páirteach go hiomlán i gclár ECCE. Múnla leanbhlárnach is ea AIM, a bhfuil seacht leibhéal tacaíochta forchéimnithí ag baint leis, ó thacaíocht uilíoch go dtí tacaíocht dhírithe, bunaithe ar chuid riachtanas an linbh agus na réamhscoile.
Cuimsíonn leibhéil 1 - 3 réimse tacaíochtaí uilíocha atá deartha chun cultúr cuimsitheach a chur chun cinn agus chun tacú leis laistigh de shuíomhanna réamhscoile trí roinnt tionscnamh oideachais agus roinnt tionscnamh tógtha acmhainne a úsáid. Tugann fianaise idirnáisiúnta le tuiscint gur leor na tacaíochtaí sin, ach iad á bhforbairt mar is cuí, chun tacú le mórán leanaí atá faoi mhíchumas.
Bíodh sin mar ata, i gcás go measfadh soláthraí seirbhíse, i gcomhar le tuismitheoir, gurbh fhéidir gur gá le tacaíocht áirithe eile chun riachtanais linbh ar leith a chomhlíonadh, d'fhéadfadh sé iarratas a dhéanamh ar thacaíocht dhírithe amháin nó ar níos mó ná tacaíocht dhírithe amháin faoi leibhéil 4 - 7 den mhúnla. D'fhéadfadh tacaíochtaí breise dírithe a bheith i bhfoirm shainchomhairle agus meantóireachta cúram agus oideachas na luath-óige (leibhéal 4), sainfhearais, gléasanna agus mionathruithe (leibhéal 5), tacaíochtaí teiripeacha (leibhéal 6) nó caipitíochta breise chun cabhair bhreise a chistiú sa seomra réamhscoile ECCE (leibhéal 7).
8. Cén uair a bheidh an Múnla um Rochtain agus Cuimsitheacht ar fáil?
Tabharfar an múnla isteach i mí Iúil 2016 lena chur ar chumas tuismitheoirí agus soláthraithe seirbhíse pleanáil chun tosaigh le haghaidh cláraithe i mí Mheán Fómhair agus ina dhiaidh sin. Cuirfear tús le hiarratais mar seo a leanas:
a) Osclófar an próiseas iarratais le haghaidh an chláir nua ardoideachais maidir le Ceannaireacht um Chuimsitheacht sna Luathbhlianta (LINC) faoi leibhéal 1 sa tseachtain dar tús 27 Márta, 2017.
b) Cuirfear tús leis an bpróiseas iarratais le haghaidh leibhéal 4 (Sainseirbhís Luathbhlianta), Leibhéal 6 (Idirghabháil Theiripeach) agus Leibhéal 7 (Caipitíocht Bhreise) ó 17 Meitheamh 2016.
c) Cuirfear tús leis an bpróiseas iarratais le haghaidh leibhéal 5 (Sainfhearas, Sainghléasanna nó Mionathruithe), ó 24 Meitheamh 2016.
Ba cheart a thabhairt d'aire, i gcás leibhéal 4 - 7, go mbeidh an próiseas iarratais ar oscailt i rith na bliana, ach i gcás leanaí atá faoi mhíchumais choimpléascacha, moltar do sholáthraithe réamhscoile agus do thuismitheoirí iarratais a chur isteach go luath.
I ndeireadh na dála, ba cheart a thabhairt d'aire go mbeidh 3 - 5 bliana ag teastáil chun an Múnla um Rochtain agus Cuimsitheacht a bheith i bhfeidhm go hiomlán agus cláir ilbhliantúla oideachais agus oiliúna á gcur i bhfeidhm go céimneach agus acmhainn á tógáil sa chóras. Is amhlaidh go gcuireann an FSS roinnt tacaíochtaí ar fáil, ar bhonn ad hoc, agus leanfaidh siad ar aghaidh leis sin agus an múnla nua á chur i bhfeidhm.
9. Is tuismitheoir mé agus tá leanbh agam a bheith ag tosú sa réamhscolaíocht i Mheán Fómhair. Conas is féidir liom tacaíocht a fháil do mo leanbh faoi AIM?
Chun tacaíochta a rochtain, ba cheart duit ar dtús teagmháil a dhéanamh leis an réamhscoil a mbeidh do leanbh ag freastal uirthi. I dteannta le do sholáthraí réamhscoile, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh le haghaidh tacaíochta tríd an Ardán ar líne um Chláir a Chur i bhFeidhm (PIP). Is ardán ar líne é sin a mbaineann réamhscoileanna as chun leanaí a chlárú atá páirteach sna cláir chúram leanaí de chuid ECCE agus i gcláir eile de chuid DCYA. Bíonn toiliú sínithe tuismitheora ag teastáil chun an próiseas iarratais a chur i gcrích.
10. Cad é ba cheart dom a dhéanamh mura bhfuil mé a fhios agam cad iad na tacaíochtaí is gá chun a chur ar chumas linbh páirt a ghlacadh?
I gcás go mbeadh comhairle ag teastáil ó sholáthraí seirbhíse mar gheall ar cad iad na tacaíochtaí is gá chun a chur ar chumas linbh páirt a ghlacadh, d'fhéadaidís teagmháil a dhéanamh leis an tSainseirbhís Luathbhlianta in Pobal (déan teagmháil ag onlinesupport@pobal.ie nó (01) 511 7222 8a.m. go 6p.m. Luan go hAoine). Má chomhlánaíonn tú an phróifíl ar líne maidir le Rochtain agus Cuimsitheacht, chuideodh sin leat freisin an riachtanas a thabhairt chun solais agus a shoiléiriú le haghaidh aon tacaíochtaí breise.
11. An gá diagnóis a bheith ag leanbh le bheith ábalta leas a bhaint as tacaíochtaí faoi AIM?
Ní gá. Tá AIM bunaithe ar chuid riachtanas an linbh i gcomhthéacs an tsuímh réamhscoile Ní gá aon diagnóis a bheith ann; aithníonn AIM go dtosaíonn mórán leanaí sa réamhscolaíocht gan diagnóis mhíchumais a bheith acu.
12. An gcístíonn AIM Cúntóirí Riachtanas Speisialta (SNAanna)?
Ní chistíonn, ní múnla SNA atá in AIM. Múnla iomlánaíoch is ea AIM atá deartha lena chur ar chumas soláthraithe seirbhíse suíomhanna cuimsitheacha a chur ar fáil agus tacú leo trí fhoireann seirbhísí éagsúla atá saincheaptha le haghaidh chuid riachtanas gach linbh aonair i gcomhthéacs an tsuímh réamhscoile.
I gcás go mbeadh ceadú aontaithe le haghaidh caipitíochta breise ar leibhéal 7, agus i gcúinsí ina mbeadh an deontas uasta formheasta, d'fhéadfaí é a úsáid ar aon cheann de dhá bhealach. D'fhéadfaí é a úsáid chun laghdú a dhéanamh ar an gcóimheas idir leanaí agus daoine fásta sa seomra ECCE, ó 1 duine fásta agus 11 leanbh síos go dtí 1 duine fásta agus 8 leanbh, gan aon chaillteanas airgeadais a chur ar an tseirbhís. Mar mhalairt air sin, d'fhéadfaí é a úsáid chun cabhair bhreise a cheannach isteach sa seomra réamhscoile.
Ní bheadh aon chabhair bhreise a cheannófaí isteach sa seomra ECCE mar chuid de na cóimheasa idir baill foirne agus leanaí chun críocha an Achta um Chúram Leanaí, 1991 (Seirbhísí Luathbhlianta) Rialacháin 2016. Tá sé sin amhlaidh chun úsáid na hacmhainne a chosaint leis na riachtanais áirithe a chomhlíonadh ar cistíodh sé ina leith.
13. An mbaineann AIM leis an gclár ECCE amháin?
Tá AIM deartha chun tacú le leanaí leis an gclár ECCE a rochtain. Mar sin, ní mór an leanbh a bheith cáilithe ó thaobh aise de don gclár ECCE, tráth an dhéantar an iarratas le haghaigh tacaíochtaí nó ar an dáta atá beartaithe le haghaidh clárú ar an gclár ECCE. Ní mór an soláthraí seirbhíse a bheith cláraithe mar shuíomh réamhscoile agus conradh reatha DCYA a bheith aige chun an clár ECCE a chur ar fáil. Is é an t-aon eisceacht air sin ná gás go mbeadh leanbh cáilithe don char ECCE ach go bhfuil sé ag baint leasa as cúram agus oideachas na luath-óige cistithe faoi chlár eile cúram leanaí de chuid an DCYA, i.e. an Fóirdheontas Cúraim Leanaí sa Phobal (CCS) nó cláir Oiliúna agus Oideachais Cúram Leanaí (TEC).
14. Cé a dhéanfaidh monatóireacht ar chur i bhfeidhm AIM agus a chinnteoidh go mbeidh sé éifeachtach?
Tá dhá ghrúpa tras-Rialtas i ndiaidh a bheith curtha ar bun chun cur i bhfeidhm AIM a chur chun cinn agus maoirseacht a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm; Grúpa Tras-Earnála Feidhmiúcháin agus Foireann Tionscadail. Déanfaidh na grúpaí sin athbhreithniú ar dhul chun cinn feidhmiúcháin ar bhonn leanúnach.
Le linn na gcéad blianta dá chur i bhfeidhm, beidh AIM faoi réir athbhreithniú rialta. Déanfar measúnú foirmeálta ar an múnla freisin i ndiaidh trí bliana.
Mír C: An Múnla um Rochtain agus Cuimsitheacht – Tacaíochtaí Uilíocha (leibhéil 1 – 3)
Leibhéal 1: Cairt agus Treoirlínte maidir le hIlchineálacht, Comhionannas agus Cuimsitheacht
15. Cad is cuspóir don Chairt agus do na Treoirlínte nua maidir le hIlchineálacht, Comhionannas agus Cuimsitheacht le haghaidh Cúram agus Oideachas na Luath-Óige? Tá sé mar chuspóir ag na Treoirlínte nua maidir le hIlchineálacht, Comhionannas agus Cuimsitheacht tacú leo siúd go léir atá ag obair in earnáil chúram agus oideachas na luath-óige agus treoir a thabhairt dóibh chun cleachtais chuimsitheacha a fhiosrú, a thuiscint agus a fhorbairt chun leas na leanaí ar fad agus a dteaghlach.
Is é is aidhm don Chairt nua um Chuimsitheacht ná tiomantas na hearnála don cuimsitheacht a léiriú. Iarrtar ar sholáthraithe seirbhíse a n-ainm a chur leis an gCait trí bheartas cuimsitheachta a chomhlíonadh dá súiomh. Le haghaidh tagartha, tá teimpléad Beartas Cuimsitheachta sna treoirlíne.
16. An gcuirfear oiliúint ar fáil maidir leis an gCairt agus na Treoirlínte?
Cuirfear, cuirfidh na Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí clár náisiúnta oiliúna i bhfeidhm ar bhonn céimneach le linn na míonna seo chugainn. Cuirfear sonraí ar an oiliúint sin ar www.preschoolaccess.ie agus ar shuíomhanna gréasáin Choiste Cúram Leanaí do Chathrach áitiúla nó do Chontae áitiúla a luaithe is a bheidh siad ar fáil.
Leibhéal 1: Clár Ardoideachais LINC agus Comhordaitheoirí Cuimsitheachta LINC
17. Cé a bheidh ábalta iarratas a dhéanamh ar an gclár nua ardoideachais, Ceannaireacht um Chuimsitheacht sna Luathbhlianta (LINC), agus conas is féidir liomsa iarratas a dhéanamh air?
Beidh soláthraithe seirbhíse i dteideal iarrthóir a ainmnigh don chlár i gcás go bhfuil conradh acu chun an clár ECCE a chur ar fáil, arna chistiú ag DCYA. Ní mór d'iarrthóirí ainmnithe ag suíomhanna Mórdhámhachtain Leibhéal 5 a bheith acu i réimse ábhartha.
Chun iarratas a dhéanamh ar an gclár, ba cheart d'iarratasóirí cuairt a thabhairt ar an suíomh gréasáin, www.lincprogramme.ie. Is é an spriocdháta le haghaidh iarratas 4 seachtaine i ndiaidh an fhoirm iarratas a bheith curtha ar fáil.
18. Cé chomh fada agus atá an clár LINC agus cén áit a mbíonn sé á chur ar fáil? Maireann an clár bliain amháin. Cuirfear ar fáil é ina 6 mhodúl aonair, lena áirítear dhá mhodúil i rith gach ceann de thrí sheimeastar (seimeastair an Fhómhair, an Earraigh agus an tSamhraidh).
Reáchtálfar an clár go bliantúil, agus timpeall 900 áit á gcur ar fáil gach bliain, go gceann an chéad ceithre bliana acadúla seo chugainn. (2016-17, 2017-18, 2018-19, 2019-20).
Cuirtear an an clár ar fáil de réir múnla cumaiscthe (i.e. bíonn roinnt foghlama ar líne i gceist chomh maith le roinnt seisiún aghaidh ar aghaidh) agus tugann sé aghaidh ar riachtanais sholúbtha an earnáil ECCE.
Mar gheall ar go mbeidh an chuid is mó den staidéir nó obair chomhoibrithe ar siúl ar líne, tugtar d'aire é nach mbeidh ar gach rannpháirteach freastal ar shuíomhanna aghaidh ar aghaidh ar níos mó ná 7 lá (Satharn) gach bliain. Beidh na seisiúin aghaidh ar aghaidh ar siúl ó 10am go 4pm, chun am taistil a éascú go dtí gach seisiún agus ó gach seisiún.
Reáchtálfar an clár ar fud 9 n-ionad gach bliain.. Don bhliain acadúil 2017 / 2018, is iad seo a leanas ionaid na gcúrsaí: Sligeach; Gaillimh; An Mhí/An IarmhI; Luimneach; Cill Chainnigh; Corcaigh; Maigh Nuad; Baile Átha Cliath Thuaidh; Baile Átha Cliath Thiar/Theas. Fógrófar ionaid le haghaidh Bhliain 3 in am trátha.
19. An gcuireann an clár LINC aon aitheantas réamhfhoghlama san áireamh?
Cuireann, beidh roinnt Aitheantais Réamhfhoghlama (RPL) ann. Féach na sonraí ábhartha ar shuíomh gréasáin an chúrsa, www.lincprogramme.ie.
20. An bhfuil an Leibhéal nua 6 de Dhámhachtain LINC in ionad Dhámhachtain Leibhéal 6 Cúram Leanaí, i.e. ar leor é a bheith ag duine le bheith cáilithe mar Cheannaire i ngnáthsheomra réamhscoile caipitíochta?
Níl, dámhachtain sainchuspóra is ea an dámhachtain oideachais nua seo Leibhéal 6 agus, ina aonar, ní cáilíocht aitheanta de chuid DCYA í chun críocha Cheannaire Sheomra ECCE.
21. Cad é an ról atá ag an gComhordaitheoir Cuimsitheachta?
Is é atá i ról an Chomhordaitheora Chuimsitheachta ná ceannaireacht a chur ar fáil laistigh de shuíomh na luathbhlianta maidir le ceisteanna ilchineálachta, comhionannais agus cuimsitheachta. D'fhéadfadh iad seo a leanas a bheith i gceist leis sin:
- Ag tacú leis an tseirbhís chun a Bheartas Cuimsitheachta a chomhlíonadh agus a athbhreithniú
- Ag scaipeadh foghlamtha ar fud na foirne sa tseirbhís chun cultúr cuimsitheach a chothú
- Ag scaipeadh eolais ar AIM, agus ar an gcuimsitheacht i gcoitinne, do thuismitheoirí
- Ag cuidiú le daoine a mbíonn iarratais á ndéanamh acu le haghaidh tacaíochtaí faoi AIM, más gá, i gcomhar leis an tSainseirbhís Luathbhlianta (Rochtain agus Cuimsitheacht)
- Ag obair go dlúth le tuismitheoirí agus le gairmithe eile i gcásanna go mbíonn míchumas coimpléascach ag leanbh agus a mbíonn tacaíochtaí nó cabhair bhreise níos dírithe ag teastáil.
22. Tá céim agam san Oideachais Luath-Óige. An gá dom clár LINC leibhéal 6 a chur i gcrích le tabhairt faoi ról an Chomhordaitheora Chuimsitheachta?
Is gá, ní mór d'aon duine ar mian leis a bheith ina Comhordaitheoir Cuimsitheachta an cháilíocht sin a chur i gcrích.
23. Conas a cáilíonn soláthraí seirbhíse le haghaidh caipitíocht bhreise de €2 an leanbh sa tseachtain?
Chun bheith i dteideal na caipitíochta breise de €2 an leanbh sa tseachtain i leith gach linbh atá cláraithe ar an gclár ECCE, ní mór don tseirbhís Comhordaitheoir Cuimsitheachta do Chéimithe a fhostú, i.e. duine atá céimnithe ón gclár LINC agus a d'aontaigh tabhairt faoi fhreagrachtaí agus ról an Chomhordaitheora Chuimsitheachta laistigh den suíomh sin Cúram agus Oideachas na Luath-Óige.
24. An gá Comhordaitheoir Cuimsitheachta cáilithe a bheith i ngach seomra réamhscoile?
Ní gá, ní bhíonn ach aon Chomhordaitheoir Cuimsitheachta cáilithe amháin le haghaidh aon seirbhíse amháin. Bíodh sin mar ata, má tá roinnt seirbhísí réamhscoile agat, chun bheith i dteideal an caipitíochta €2, ní mór duit Comhordaitheoir Cuimsitheachta a bheith agat i ngach seirbhís.
25. An bhfuil uasteorainn leis an gcaipitíocht €2, i.e. an bhfuil líon uasta leanaí laistigh den réamhscoil a n-íocfaí sin ina leith?
Níl, íocfar an chaipitíocht ar líon na leanaí cláraithe ar an gclár ECCE atá ag freastal ar an tseirbhís.
Leibhéal 2 – Eolas do Thuismitheoirí agus do Sholáthraithe
26. Cad iad na hacmhainní eolais atá ar fáil do thuismitheoirí maidir le AIM?
Chomh maith leis an suíomh gréasáin, ba cheart do thuismitheoirí teagmháil a dhéanamh le Coiste Cúram Leanaí a gCathrach áitiúla nó a gContae áitiúla le haghaidh liosta de réamhscoileanna áitiúla, le haghaidh eolais ar AIM nó le haghaidh eolais ar sheirbhísí áitiúla eile agus acmhainní áitiúla eile.
27. Cad iad na hacmhainní eolais atá ar fáil do sholáthraithe seirbhíse maidir le AIM? Chomh maith leis an suíomh gréasáin seo, ba cheart do sholáthraithe seirbhíse teagmháil a dhéanamh le Coiste Cúram Leanaí a gCathrach áitiúla nó a gContae áitiúla le haghaidh eolais ar AIM nó cuidiú maidir le hiarratais a chur isteach ar thacaíochtaí faoi AIM, go háirithe mura bhfuil rochtain Idirlín acu.
Má bhíonn sainchomhairle ag teastáil ó sholáthraí seirbhíse maidir le cás ar leith nó iarratas ar leith, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh leis an tSainseirbhís Luathbhlianta (Rochtain agus Cuimsitheacht) i bPobal. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís trí ríomhphost (onlinesupport@pobal.ie) nó ar an bhfón (01 511 7222 ó 8 a.m. go 6 p.m. Luan – hAoine).
Leibhéal 3 – Lucht Oibre Cáilithe Muiníneach
28. Cad iad na cúrsaí a chuirfear ar fáil chun cur le cuid scileanna ball foirne i seirbhísí réamhscoile maidir le ceisteanna a bhaineanna le míchumas agus le cuimsitheacht? Cé a cisteoidhna cúrsaí sin?
Cisteoidh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige clár leathan ilbhliantúil oiliúna foirmeálta agus oiliúna neamhfhoirmeálta do bhaill foirne réamhscoile maidir leis an míchumas agus leis an gcuimsitheacht agus cuirfidh na Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaíar fáil é, i gcomhoibriú leis an FSS agus le gníomhaireachtaí eile. Beidh sonraí ar an gclár oiliúna sin a fhógairt ar an suíomh gréasáin seo (www.preschoolaccess.ie) agus ar shuíomhanna gréasáin Coistí Cúram Leanaí do Chathrach áitiúla nó do Chontae áitiúla nuair a bheidh siad ar fáil.
Mír D: An Múnla um Rochtain agus Cuimsitheacht – Tacaíochtaí Dírithe (leibhéil 4-7)
Leibhéal 4: Sainchomhairle Oideachais & Saintacaíocht Oideachais
29. Cé hiad na Speisialtóirí Luathbhlianta (Rochtain agus Cuimsitheacht)?
Is gairmithe cáilithe (céimithe Céime Onóracha nó Iarcheimithe) sa luath-óige Speisialtóirí Luathbhlianta, a bhfuil eolas an-leathan agus tuiscint an-leathan acu ar oideachais agus cúram na luath-óige. Bíonn taithí acu maidir le oibriú le leanaí faoi mhíchumas agus lena a dteaghlaigh i suíomhanna réamhscoile. Bíonn buneolas críochnúil acu ar an dea-chleachtas, bunaithe ar fhianaise,an meantóireacht, agus an éascú. Bíonn siad profa ag an nGarda Síochána agus cuirfear tacaíocht ghairmiúil agus maoirseacht ghairmiúil ar fáil dóibh ar bhonn leanúnach.
30. Conas is féidir liom iarratas a chur isteach ar thacaíocht ó Speisialtóirí Luathbhlianta (Rochtain agus Cuimsitheacht)?
Féadann an soláthraí seirbhíse, i dteannta leis an tuismitheoir / caomhnóir / cúramóir, iarratas a chur isteach ar thacaíocht trí Próifíl maidir le Rochtain agus Cuimsitheacht a chomhlánú mar chuid den phróiseas iarratais ar Thairseach PIP ag www.pobal.ie. Is féidir tuilleadh eolais, amhail tuarascálacha sláinte, más infheidhmithe, a uaslódáil freisin, cé go mbíonn sin de réir mar is rogha leis an tuismitheoir.
31. Cén fáth ar gá Próifíl maidir le Rochtain agus Cuimsitheacht a chomhlánú?
Cuidíonn an Phróifíl maidir le Rochtain agus Cuimsitheacht le cuid cumas an linbh a shainaithint, chomh maith le réimse(í) inarbh fhéadfadh tacaíocht bhreise a bheith ag teastáil, mar shampla, má bhíonn áiseanna soghluaisteachta ag teastáil ón leanbh nó má bhíonn cúram leighis nó cúram pearsanta an teastáil uaidh/uaithi. Cuireann sin ar chumas an tsoláthraí sheirbhíse aon tacaíochtaí breise a aithint, más ann dóibh, a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil chun pleanáil le haghaigh rannpháirtíocht an linbh sa suíomh ECCE. Chomh maith leis sin, cuirtear acmhainn an tsuímh san áireamh sa phróifíl chun freastal ar chuid riachtanas an linbh ar leith.
32. Cad é an t-eolas a iarrtar sa Phróifíl maidir le Rochtain agus Cuimsitheacht?
Sa Phróifíl maidir le Rochtain agus Cuimsitheacht iarrtar faisnéis ar an leanbh faoi 5 réimse: Cumas coirp, Cumas cumarsáide, Scileanna sóisialta, Iompar agus Sláinte.
Maidir leis an réamhscoil, iarrtar faisnéis sa phróifíl maidir le hinrochtaine na timpeallachta, oiliúint foirne agus taithí, beartais agus nósanna imeachta.
33. An gá don tuismitheoir nó caomhnóir nó cúramóir toiliú a thabhairt chun go gcomhlánófaí Próifíl maidir le Rochtain agus Cuimsitheacht?
Is gá. Tá toiliú tuismitheora ag teastáil chun Próifíl chomhlánaithe maidir le Rochtain agus Cuimsitheacht a chur isteach. Tá sé sin mar gheall ar go mbaileofaí .faisnéis phearsanta ar an leanbh sa phróifíl a bheith ag teastáil agus Plean maidir le Rochtain agus Cuimsitheacht a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm don leanbh. Ní féidir iarratas a chur isteach gan toiliú tuismitheora. Ní mo an toiliú sin a bheith curtha ar fáil ar an bhfoirm ábhartha toilithe.
34. Cén áit ar féidir liom foirm toilithe thuismitheora nó chaomhnóra nó chaomhnóra a fháil?
Tá an Fhoirm Toilithe Thuismitheora ina cuid den Phróifíl maidir le Rochtain agus Cuimsitheacht agus is féidir í a íoslódáil anseo. Is féidir an foirm toilithe a phriontáil agus a shíniú agus an phróifíl á comhlánú. Ba cheart den bhainisteoir réamhscoile an fhoirm toilithe sínithe a uaslódáil agus a chur isteach leis an bPróifíl chomhlánaithe maidir le Rochtain agus Cuimsitheacht.
35. Cad é a tharlóidh agus Próifíl maidir le Rochtain agus Cuimsitheacht curtha isteach agam?
Agus Próifíl maidir le Rochtain agus Cuimsitheacht curtha isteach ag soláthraí seirbhíse gheobhaidh sé admháil lena rá go bhfuil sí faighte. Déanfaidh na Speisialtóirí Luathbhliantaan phróifíl a athbhreithniú ansin agus cuirfidh siad glao ar an soláthraí seirbhíse agus tabharfaidh siad tacaíocht ar fáil ar an bhfón nó socróidh siad cuairt ar an réamhscoil. Braithfidh leibhéal na tacaíochta a bheidh á cur ar fáil ag na Speisialtóirí Luathbhlianta ar chuid riachtanas an linbh i gcomhthéacs na seirbhíse.
36. Conas a chinnteoidh an speisialtóir go mbeadh cur chuige comhordaithe i bhfeidhm chun cuid riachtanas gach linbh a chomhlíonadh?
Déanfar Plean um Rochtain agus Cuimsitheacht a fhorbairt chun tacú le rannpháirtíocht an linbh sa réamhscoil. Beidh an plean bunaithe ar bhreithnithe an tuismitheora nó caomhnóra nó cúramóra agus an Speisialtóra Luathbhlianta, agus ar bhreithnithe agus déan measúnaithe cliniceoirí.
Level 5 – Fearas, Gléasanna agus Mionathruithe
37. Conas is féidir soláthraí seirbhíse cistiú a rochtain le haghaidh sainfhearais agus mionathruithe thar ceann linbh?
Beidh foirmeacha iarratais ar fáil tríd an Tairseach PIP ar líne ag www.pobal.ie ó 24 Meitheamh 2016. Chun chríocha an eolais, is féidir breithniú ar chóip den fhoirm iarratais anseo. Tabhair do d'aire le do thoil gur gá le toiliú tuismitheoir chun iarratas a dhéanamh
38. Cad iad na cineálacha mionathruithe agus fearais is féidir a chistiú faoi Leibhéal 5? Tá liosta iomlán de na mionathruithe a d'fhéadfaí a chistiú faoin scéim anseo.
Tá liosta iomlán den fhearas atá clúdaithe faoin scéim liostaithe anseo freisin.
39. Cad é an t-eolas atá ag teastáil chun tacú le hiarratas leibhéal 5 le haghaidh mionathruithe nó fearais?
D'fhéadfadh iarratais le haghaidh tacaíochtaí leibhéal 5 a bheith i dtrí chatagóir mar seo a leanas:
- Iarratais le haghaidh mionathruithe
- Iarratais le haghaidh fearais maidir le lagú radhairc nó lagú éisteachta
- Iarratais le haghaidh fearais maidir le gach cineál eile míchumais
I ngach cás, bíonn tuairisc ghairid ó "ghairmí ainmnithe" ag teastáil lena dhearbhú:
a) Gur gá leis na hathruithe nó an fearas atá á mholadh agus go bhfuil siad ríthábhachtach chun cur ar chumas na linbh páirt a ghlacadh sa chlár ECCE sa naíonra ábhartha,
(b) I gcás mionathruithe, go mbeadh an obair atá á moladh ag cloí leis na Rialacháin Foirgníochta (Leasú Cuid M), 2010 agus
(c) I gcás fearais, nach bhfuil an fearas atá á mholadh ar fáil cheana féin sa suíomh réamhscoile nó in ann a bheith aistrithe agus á úsáid sa suíomh réamhscoile.
I gcás mionathruithe, d'fhéadfadh an gairmí ainmnithe a bheith ina (1) ailtire, (2) innealtóir nó (3) teiripeoir saothair agus obair don FSS, nó thar a cheann.
I gcás fearais i leith lagú radhairc nó lagú éisteachta, d'fhéadfadh an gairmí ainmnithe a bheith ina (1) Múinteoir ar Cuairt de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna, (2) teiripeoir saothair agus obair don FSS, nó thar a cheann nó (3) teiripeoir urlabhra agus teanga agus obair don FSS, nó thar a cheann.
I gcás fearais i leith gach cineál eile míchumais, d'fhéadfadh an gairmí ainmnithe a bheith ina (1) teiripeoir saothair, (2) fisiteiripeoir, (3) teiripeoir urlabhra agus teanga nó (4) gairmí cúram sláinte agus sóisialta de chuid catagóire aontaithe eile.
Le haghaidh breis eolais, féach na Treoirlinte Caipitil le do thoil maidir le hábhar tuarascálacha gairmiúla.
40. Cad é an deontas caipitil is airde atá ceadmhach le haghaidh mionathruithe?
Is é €7,000, CBL san áireamh, le haghaidh mionathruithe; d'fhéadfadh uasmhéid €300, CBL san áireamh, de sin a úsáid le haghaidh táillí gairmiúla i gcás go mbeadh tuarascáil Ailtire nó Innealtóra ag teastáil.
41. I gcás go gceadófaí iarratas le haghaidh fearais, an é an soláthraí seirbhíse ar gá dó an fearas a sholáthar?
Ní hé, Ní gá gurb é an soláthraí seirbhíse a sholáthróidh an fearas. Déanfaidh Pobal, thar ceann na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige, gach fearas a cheadófar faoin scéim leibhéal 5 a aimsiú agus cinnteoidh sé go seachadfar é go díreach chuig an suíomh réamhscoile.
42. An bhféadfaidh an soláthraí seirbhíse iarratas a dhéanamh ar chistiú chun an áit súgartha amuigh faoin aer a rochtain?
Féadfaidh, i gcás go mbeadh baint ar leith aige sin le riachtanas an linbh an áit súgartha a rochtain. Ní fhéadfar athruithe eile lasmuigh ar an áit súgartha, nó iarratais chun cáilíocht limistéar amuigh faoin aer nó fearas súgartha faoin aer (caighdeánach ná speisialaithe) a chistiú faoin scéim seo.
Leibhéal 6 – Idirghabháil Theiripeach
43. Conas is féidir le mo leanbh rochtain a fháil ar thacaíochtaí teiripeacha leibhéal 6?
Is féidir le tuismitheoir nó le caomhnóir nó le cúramóir, i gcomhpháirt le soláthraí seirbhíse, iarratas a dhéanamh ar thacaíochtaí teiripeacha leibhéal 6 tríd an bPróifíl Rochtana agus Chuimsithe a chomhlánú. Déanfaidh an tSeirbhís Speisialaithe Luathbhlianta (Rochtain agus Cuimsiú) athbhreithniú ar an bpróifíl agus, sa chás gur dóchúil go dteastaíonn ionchur teiripeach, cuirfidh siad tús le teagmháil a dhéanamh le FSS.
Leibhéal 7 - Caipitíocht Bhreise
44. Conas is féidir liom iarratas a dhéanamh ar chaipitíocht leibhéal 7?
Féadann soláthraí seirbhíse, i gcomhpháirtíocht le tuismitheoir, iarratas a dhéanamh ar chaipitíocht bhreise leibhéal 7 tríd an bPhróifíl a chomhlánú maidir le Rochtain agus Cuimsitheacht agus an 't-iarratas seirbhíse' leibhéal 7 laistigh den phróifíl a chomhlánú. Agus é sin déanta, rachaidh an Speisialtóir Luathbhlianta i dteagmháil leis an soláthraí seirbhíse chun an t-iarratas a chur chun cinn.
45. An mbaineann aon choinníollacha le húsáid chaipitíochta breise leibhéal 7?
Agus iarratas ar chaipitíocht leibhéal 7 á chomhlíonadh aige, sonróidh Pobal (riarthóir na scéime) aon choinníollacha freisin a bhaineann lena húsáid. D'fhéadfadh sé a bheadh i measc coinníollacha den chineál sin gur cheart cistiú a úsáid chun: an Comhordaitheoir Cuimsitheachta nó ball foirne eile a bhfuil taithí aige, a fhágáil saor le go mbeadh sé/sí in ann níos mó ama a dhíriú ar an leanbh atá faoi mhíchumas coimpléascach; oiliúint a chur ar fáil do bhall foirne i sainghnáthaimh chúraim nó i straitéisí teiripeacha le chur ar chumas an linbh freastal ar an gclár ECCE agus a bheith páirteach ann; laghdú a dhéanamh ar an gcóimheas iomlán foirne sa suíomh; agus / nó cabhair bhreise a fháil sa seomra ranga ó dhuine a bhfuil cáilíochtaí áirithe íosta aige.
46. Tá cabhair pháirtaimseartha á fáil agam ón FSS le gur féidir le mo leanbh freastal ar réamhscoil. An féidir liom iarratas a dhéanamh freisin ar chabhair oideachais tríd an múnla seo?
Is féidir, d'fhéadfaí iarratas ar chaipitíocht bhreise leibhéal 7 a dheonú ar bhonn pro-rata (i.e. le haghaidh na n-uaireanta atá fágtha) más gá.
47. I gcás go bhfuil caipitíocht bhreise leibhéal 7 deonaithe chun go bhféadfaí laghdú a dhéanamh ar an gcóimheas foirne, cén leibhéal an bhféadfaí an cóimheas a laghdú chuige?
I gcás go bhfuil caipitíocht leibhéal 7 formheasta ar an uasráta, d'fhéadfaí an cóimheas a laghdú ó 1 duine fásta agus 11 leanbh go dtí 1 duine fásta agus 8 leanbh, gan caillteanas airgeadais a chur ar an tseirbhís.
Úsáid Faisnéise agus Cosaint Sonraí
48. Cad é a dhéanfar leis a bhfaisnéis a chuirfear ar fáil mar chuid d'iarratas AIM?
Bainfear údáid as faisnéis a chuirfear ar fáil mar chuid d'iarratas le haghaidh tacaíochtaí dírithe faoi AIM chun aon tacaíochtaí breise nó acmhainní breise a aithint, más ann dóibh, a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil le go mbeadh leanbh in ann páirt a ghlacadh sa chlár ECCE.
49. Cad é mar a dhéanfar faisnéis a stóráil a chuirfear ar fáil mar chuid d'iarratas? Déanfaidh Pobal agus an tSainseirbhís Luathbhlianta an fhaisnéis ar fad a stóráil ar bhealach daingean. Déantar cruachóipeanna a coimeád faoi ghlas i gcaibinéid. Déanfar comhaid ar líne a criptiú agus a chosaint le pasfhocail agus is pearsanra údaraithe amháin a dhéanfaidh iad a rochtain. Déanfar an fhaisnéis ar an leanbh a coimeád go ceann dhá bhliain ó dheireadh an chonartha leis an tseirbhís.
50. Cad é mar a dhéanfar faisnéis a chomhroinnt a chuirfear ar fáil mar chuid d'iarratas?
D'fhéadfaí faisnéis a chomhroinnt le gairmithe ábhartha atá ag obair faoi AIM, amhail Speisialtóirí Luathbhlianta, gairmithe sláinte de chuid an FSS nó á chistiú ag an FSS, Pobal, An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, An Roinn Oideachais agus Scileanna, An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta agus Coistí Cúram Leanaí Cathrach nó Contae. Ní dhéanfar faisnéis a chomhroinnt ach le gairmithe ábhartha chun críche tacú leis an leanbh sa suíomh réamhscoile.
Mír E: Díolúintí ó theorainn aoise ECCE
51. An bhfuil aon díolúine ann ó theorainn aoise ECCE i gcás go measfaí nach bhfuil an leanbh réidh chun tosú ar bunscoil?
Ó Meán Fómhair 2016, beidh leanaí i dteideal freastal ar an gclár ECCE ó aois 3 bliana go dtí go tosóidh siad ar bunscoil (fad is nach mbeidís ní ba shine ná 5 bliana agus 6 mhí ag deireadh na scoilbhliana, i.e. deireadh mhí an Mheithimh). Is é an t-aon eisceacht air sin ná díolúine ar bhonn míchumais nó sainriachtanas.
Cheadófaí díolúine i gcúinsí ina mbeadh an t-iarratas tacaithe ag tuarascáil mheasúnacht sláinte ón speisialtóir leighis de chuid an FSS, ina sonrófaí sainriachtanas agus diagnóis an linbh.
Níl sé mar aidhm ag an riachtanas le haghaidh tuarascála measúnacht sláinte ón FSS Speisialtóir leighis an bonn a bhaint de thuairim tuismitheora ná múinteora maidir le cuid riachtanas linbh ach, ina ionad sin, cloí le bonn soiléir, caighdeánach le haghaidh díolúintí a chur i bhfeidhm.
Díreoidh AIM, an múnla nua tacaíochtaí, ar leibhéal forbraíochta leanaí faoi mhíchumas, ar a gcumas feidhmiúil agus ae a gcuis riachtanas, agus ní dhíreoidh sé ar dhiagnóis leighis. I gcomhréir leis an gcur chuige sin, déanfar athbhreithniú ar an mbonn reatha le haghaidh díolúintí ó critéir cháilitheachta ECCE a chur ar fáil, i.e. na riachtanais reatha go dtabharfaí faoi mheasúnú bunaithe ar an leigheas. Tógfaidh an t-athbhreithniú sin roinnt ama le cur i gcrích agus idir an dá linn, beidh an beartas mar atá léirithe thuas.
