Is clár tacaíochtaí é an tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú (AIM) a dearadh lena chinntiú go mbeadh rochtain ag leanaí faoi mhíchumas ar an gClár Cúraim agus Oideachais Luath-Óige (ECCE). Tá sé mar aidhm aige a chur ar a gcumas do sholáthraithe seirbhíse eispéireas cuimsitheach réamhscoile a chur ar fáil, agus a chinntiú gur féidir le gach leanbh atá ina theideal páirt bhríoch a ghlacadh sa chlár ECCE agus leas a bhaint as oideachas agus cúram luathbhlianta ar ardchaighdeán.
Samhail leanbhlárnach is ea AIM, a bhfuil seacht leibhéal de thacaíocht fhorchéimnitheach ag baint leis, ó thacaíocht uilíoch go dtí tacaíocht dhírithe, atá bunaithe ar riachtanais an linbh agus an tsuímh réamhscoile. I gcás mórán leanaí, is leor na tacaíochtaí uilíocha a chuirtear ar fáil faoin tsamhail. I gcás leanaí eile, d'fhéadfadh tacaíocht ar leith amháin a bheith riachtanach chun go mbeadh siad in ann páirt a ghlacadh sa chlár ECCE, amhail rochtain ar bhall sainfhearais. I mbeagán cásanna, d'fhéadfadh foireann seirbhísí agus tacaíochtaí éagsúla a bheith riachtanach. Is é sin le rá, dearadh an tsamhail chun go mbeadh sé freagrúil do riachtanais gach linbh aonair i gcomhthéacs an tsuímh réamhscoile. Cuireann sé tacaíochtaí saincheaptha, praiticiúla ar fáil atá bunaithe ar riachtanas agus níl diagnóis fhoirmeálta mhíchumais ag teastáil.
Cad iad na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil faoi AIM?
Cuireann AIM foireann tacaíochtaí uilíocha agus dírithe ar fáil idir 7 leibhéil.
Tacaíochtaí Uilíocha (Leibhéil 1 - 3 den tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú) Dearadh tacaíochtaí uilíocha chun cultúr cuimsitheach a chur chun cinn agus chun tacú leis seo laistigh de shuíomhanna réamhscoile trí roinnt tionscnamh oideachais agus roinnt tionscnamh tógtha acmhainne. Go sonrach:
- Tá Cairt um Chuimsiú i ndiaidh a bheith forbartha don earnáil réamhscolaíochta. Iarrtar ar sholáthraithe réamhscoile a n-ainm a chur leis an gCairt trína mBeartas Cuimsitheachta féin a chuir i dtoll a chéile agus a fhoilsiú. Chun tacú leis an bpróiseas seo, rinneadh uasdátú ar na Treoirlínte Ilchineálachta, Comhionannais agus Cuimsitheachta don Chúram agus Oideachas Luath-Óige agus tá clár náisiúnta oiliúna maidir leis an gCairt um Chuimsiú agus na Treoirlínte á chur ar fáil ag na Coistí Cúraim Leanaí Contae/Cathrach. Gheofar rochtain ar an gCairt um Ilchineálacht, Comhionannas agus Cuimsitheacht agus na Treoirlínte um Chomhionannas agus Cuimsitheacht anseo.
- Cuireadh tús le clár nua ardoideachais, “Ceannaireacht um Chuimsiú sna Luathbhlianta” (LINC), i mí Mheán Fómhair 2016. Maoineoidh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige thart faoi 900 áit in aghaidh na bliana ar an gclár seo ar feadh ceithre bliana. Sa chás is go bhfostaíonn suíomh réamhscoile céimí de chuid LINC (a thoilíonn le feidhmiú mar Chomhordaitheoir Cuimsithe sa suíomh sin agus freagrachtaí an róil sin a ghlacadh chuige/chuici féin) cuirfear €2 an leanbh in aghaidh na seachtaine leis an gcaipitíocht ECCE atá dlite don suíomh sin.
- Mar fhocal scoir, maoineoidh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige clár leathan ilbhliantiúil d’oiliúint fhoirmeálta is neamhfhoirméalta do bhaill foirne réamhscoile maidir leis an míchumas agus leis an gcuimsitheacht. Cuirfidh roinnt gníomhaireachtaí an clár seo ar fáil (m.sh. na Coistí Cúraim Leanaí Contae/Cathrach, an tSeirbhís Speisialtóirí Luathbhlianta, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus eile).
Tacaíochtaí Dírithe (Leibhéil 4 - 7 - den tSamhail um Rochtain agus Cuimsitheacht)
Tugann fianaise idirnáisiúnta le tuiscint gur leor na tacaíochtaí ar leibhéil 1 go 3, ach iad a bheith forbartha mar is cuí, chun tacú le mórán leanaí atá faoi mhíchumas. Bíodh sin mar atá, sa chás is go measann soláthraí réamhscoile, i gcomhar le tuismitheoir nó caomhnóir, gur féidir go bhfuil gá le tacaíocht bhreise eile chun riachtanais linbh ar leith a chomhlíonadh, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar aon cheann de na tacaíochtaí dírithe seo a leanas, nó roinnt acu:
- Tá sainchomhairle, meantóireacht agus tacaíocht le fáil ó fhoireann 60 saineolaithe cúram luathbhlianta agus oideachais do leanaí faoi mhíchumas. Tá na saineolaithe sin, ar a dtugtar Speisialtóirí Luathbhlianta, lonnaithe in ‘Tús Níos Fearr’, an tSeirbhís Náisiúnta um Fhorbairt Cáilíochta sna Luathbhlianta.
- Tá scéim ar fáil chun sainfhearas, sainghléasanna nó deontais i dtreo mhionathruithe foirgnimh a chur ar fáil atá riachtanach chun tacú le rannpháirtíocht linbh sa chlár ECCE.
- Tá seirbhísí teiripe, atá ríthábhachtach do rannpháirtíocht linbh sa chlár ECCE, ar fáil tríd an tsamhail agus is í FSS a chuirfidh ar fáil iad.
- Mar fhocal scoir, sa chás nár leor na tacaíochtaí thuasluaite chun riachtanais linbh a chomhlíonadh, d'fhéadfadh na soláthraithe réamhscoile, i gcomhar le tuismitheoirí nó caomhnóirí, iarratas a dhéanamh ar chaipitíocht bhreise chun tacaíocht bhreise sa seomra ranga a mhaoiniú nó chun laghdú a dhéanamh ar an gcóimheas idir baill foirne agus leanaí.
Conas is féidir liom tacaíochtaí AIM a rochtain?
Bíonn an próiseas iarratais ar oscailt i rith na bliana. I gcás leanaí atá faoi mhíchumas níos coimpléascaí, moltar do thuismitheoirí agus do sholáthraithe réamhscoile iarratas a chur isteach níos luaithe.
Tacaíochtaí Uilíocha (Leibhéil 1 - 3 den tSamhail um Rochtain agus Cuimsitheacht)
Féadann Cleachtóirí Luathbhlianta iarratas a dhéanamh ar an gclár nua ardoideachais, "Ceannaireacht um Chuimsiú sna Luathbhlianta" nó (LINC), ag www.lincprogramme.ie.
Fógrófar cláir náisiúnta oiliúna maidir leis na Treoirlínte Ilchineálachta, Comhionannais agus Cuimsitheachta, chomh maith leis an míchumas agus cuimsitheacht i gcoitinne, ar shuíomhanna gréasáin na gCoistí Cúraim Leanaí Contae/Cathrach ar fad. Féadfaidh soláthraithe agus cleachtóirí réamhscoile iarratas a dhéanamh ar áiteanna ar na cláir oiliúna seo trína gCoiste Cúram Leanaí Contae/Cathrach áitiúil.
Tacaíochtaí Dírithe (Leibhéil 4 - 7 - den tSamhail um Rochtain agus Cuimsitheacht)
Féadfar comhairle agus tacaíocht ón tSeirbhís Speisialtóirí Luathbhlianta a rochtain ar an bhfón (01-511 7222), ar ríomhphost (EYPC@pobal.ie) nó trí fhoirm iarratais AIM tríd an Ardán Cur i bhFeidhm Clár (PIP). Ní gá an fhoirm sin a chomhlánú ach aon uair amháin chun tacaíochtaí a rochtain ar leibhéil 4, 6 nó 7. Mar eolas, is féidir cóip den fhoirm a rochtain anseo.
Chun iarratas a dhéanamh ar shainfhearas, gléasanna nó deontais i dtreo mhionathruithe, ba cheart do sholáthraithe réamhscoile, i gcomhar le tuismitheoirí nó caomhnóirí, an chuid ábhartha den fhoirm iarratais ar líne thuasluaite a chomhlánú ar PIP. Mar eolas, is féidir cóip den fhoirm a rochtain anseo.
Chun iarratas a dhéanamh ar sheirbhísí teiripe nó ar chaipitíocht bhreise chun tacaíocht bhreise sa seomra ranga a mhaoiniú, ba cheart do sholáthraithe réamhscoile, i gcomhar le tuismitheoirí nó caomhnóirí, an fhoirm iarratais ar líne a chomhlánú ar PIP, lena n-áirítear an mhír den fhoirm a bhaineann leis an bPróifíl maidir le Rochtain agus Cuimsiú. Meastar nach mbeidh caipitíocht ar leibhéal 7 ag teastáil ach ó 1 go dtí 1.5% de leanaí sa chlár ECCE agus dá bhrí sin nach mbeadh ach an céatadán sin de leanaí ina teideal.
Mar fhocal scoir, cé gur tugadh isteach An tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú i Meitheamh 2016, tógfaidh sé am lena chur i bhfeidhm go hiomlán agus acmhainn á tógáil ar fud na hearnála.
Conas is féidir liom tuilleadh eolais a fháil amach?
Le haghaidh eolais níos mionsonraithe ar AIM, féach ár gcuid leathanach tiomanta le do thoil Do Thuismitheoirí, Do Sholáthraithe Seirbhíse, Nuacht, ár gcuid Ceisteanna Coitianta agus leathanach gréasáin ár gcuid Eochairdhoiciméid agus Acmhainní.
Beidh do Choiste Cúram Leanaí Contae/Cathrach áitiúil ábalta tuilleadh eolais agus treoir a chur ar fáil.
Cúlra AIM
I mí na Samhna 2015, sheol an Rialtas Tuarascáil an Ghrúpa Idir-Rannaigh ar an gClár Cúraim agus Oideachais Luath-Óige (ECCE) do Leanaí faoi Mhíchumas. Sa tuarascáil siúd, leagadh amach fís shoiléir le haghaidh samhail chuimsitheach, leanbhlárnach tacaíochtaí a chinnteoidh go mbeidh rochtain ag leanaí faoi mhíchumas ar an gClár Cúraim agus Oideachais Luath-Óige (ECCE) i suíomhanna réamhscoile príomhshrutha. Thacaigh an Rialtas leis an tsamhail nua agus cuireadh maoiniú ar fáil di trí Bhuiséad 2016 chun tacú lena thabhairt isteach ó mhí Mheán Fómhair 2016 ar aghaidh.
Is tionscnamh tras-Rialtais í forbairt na Samhla nua um Rochtain agus Cuimsiú, faoi cheannaireacht na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige, agus tá baint ag an Roinn Sláinte, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus eile leis, freisin. Thug an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, An Dr. Katherine Zappone, T.D., an tsamhail isteach ar 15ú Meitheamh 2016. Féadann tú amharc ar an bPreasráiteas ar thabhairt isteach na samhla anseo.