Skip to main content

Conas Iarratas a dhéanamh ar Thacaíochtaí Uilíocha

Conas Iarratas a dhéanamh ar Thacaíochtaí Uilíocha

Is éard atá i gceist le tacaíochtaí Uilíocha AIM (leibhéal 1-3) ná tacaíochtaí do chleachtóirí a chuireann ar a gcumas timpeallacht níos cuimsithí a chruthú ina réamhscoil, agus tá tuilleadh faisnéise maidir leis seo le fáil ar leathanach ár dTacaíochtaí Uilíocha. Lean ar aghaidh ag léamh más spéis leat eolas maidir le conas iarratas a dhéanamh ar na tacaíochtaí seo.

Leibhéal 1

Oiliúint an Chomhordaitheora Chuimsithe

Is cáilíocht leibhéal 6 é An Clár Ceannaireachta um Chuimsiú sna Luathbhlianta (LINC), cáilíocht nach bhfuil á bronnadh ach ag Coláiste Mhuire Gan Smál. Cuireann an cháilíocht seo ar chumas comhaltaí foirne réamhscoile feidhmiú mar chomhordaitheoir um chuimsiú i suíomh réamhscoile. Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar  www.lincprogramme.ie agus is féidir iarratas a dhéanamh ar an suíomh gréasáin seo freisin.

Caipitíocht Níos Airde Chomhordaitheoir um Chuimsiú

Tá réamhscoileanna a bhfuil Comhordaitheoir um Chuimsiú fostaithe acu incháilithe le haghaidh méadú €2 do gach leanbh sa tseachtain i gcaipitíocht ECCE. Is féidir le soláthraithe incháilithe a fhostaíonn Comhordaitheoir um Chuimsiú cáilithe iarratas a dhéanamh ar chaipitíocht mhéadaithe trí fhoirm iarratais INCO a chomhlánú ar an Ardán Forfheidhmithe Clár (Programmes Implementation Platform, PIP).

Leibhéal 3

Forbairt Ghairmiúil Leanúnach

Fógrófar cláir oiliúna náisiúnta a bhaineann leis na Treoirlínte um Éagsúlacht, Comhionannas agus Cuimsiú, agus a bhaineann le míchumas agus cuimsiú go ginearálta, ar shuíomhanna gréasáin na gCoistíContae agus Cathrach i gCúram Leanaí anseo. Is féidir le soláthraithe agus cleachtóirí réamhscoile iarratas a dhéanamh ar áiteanna ar na cláir oiliúna seo trína gCoiste Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí áitiúil myccc.ie

Chomh maith leis sin, tá gníomhaíochtaí oiliúna le fáil ar an suíomh “acmhainní do chleachtóirí” ar shuíomh gréasáin Na Chéad 5 an rialtais; cliceáil anseo má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait: https://first5.gov.ie/practitioners/continuing-professional-development