Skip to main content

Conas Iarratas a dhéanamh ar Thacaíochtaí Spriocdhírithe

Conas Iarratas a dhéanamh ar Thacaíochtaí Spriocdhírithe

Tá an próiseas a bhaineann le hiarratas a dhéanamh ar thacaíochtaí spriocdhírithe AIM simplí, tá an próiseas iarratais mórán mar an gcéanna is cuma faoin gcineál tacaíochta a bhfuil iarratas á dhéanamh uirthi. An soláthraí réamhscoile a dhéanann iarratais ar thacaíochtaí spriocdhírithe i gcomhar leis an tuismitheoir. Ba cheart go mbeadh formhór na soláthraithe réamhscoile eolach ar phróiseas iarratais AIM agus ba cheart go mbeidís in ann cabhrú le tuismitheoirí leis an iarratas.

Má theastaíonn cabhair uait chun réamhscoil a aimsiú, nó iarratas a dhéanamh ar thacaíochtaí spriocdhírithe AIM is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Speisialtóra Luathbhlianta Better Start nó le do CCC áitiúil, atá le fáil ag myccc.ie.

Incháilitheacht

Is féidir iarratas a dhéanamh ar thacaíochtaí spriocdhírithe AIM má tá an leanbh agus an réamhscoil cláraithe mar chuid de Chlár ECCE (Cúram agus Oideachas na Luath-Óige).

*I gcásanna áirithe, is féidir le leanaí nach bhfuil páirteach i gclár ECCE tairbhe a bhaint as tacaíochtaí spriocdhírithe.

Tabhair faoi deara, nach bhfuil gá le diagnóis fhoirmiúil de mhíchumas chun tacaíochtaí spriocdhírithe AIM a fháil. Féach ar rialacha iomlána AIM i rannóg  Bheartas agus Rialacha AIM  má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait.

An Próiseas Iarratais

Nuair a chuireann tú tús leis an bpróiseas iarratais, ní mór an fhoirm iarratais a léamh go cúramach agus a chinntiú go dtoilíonn an tuismitheoir agus an soláthraí d’iarratas a dhéanamh ar thacaíochtaí AIM. Ba cheart duit do mhachnamh a dhéanamh ar na ceisteanna seo a leanas: céard iad na tacaíochtaí atá ag teastáil? an bhfuil an leanbh incháilithe chun tacaíocht AIM a fháil?  An bhfuil an leanbh ag bogadh ó réamhscoil amháin go réamhscoil eile? nó an bhfuil adhtacaíochtaí AIM á bhfáil i láthair na huaire?

Nuair atá an fhaisnéis ar fad bailithe, cuirfidh an soláthraí foirm iarratais faoi bhráid Pobal tríd an Early Years Hive Platform.

Má theastaíonn comhairle uait maidir le tacaíochtaí oiriúnacha do leanbh nó aon chéim den phróiseas iarratais, is féidir cabhair a fháil trí ghlaoch ar Sheirbhís Speisialtóra Luathbhlianta Better Start  (EYSS): (01) 511 7222 (idir 8a.m. agus 6p.m. Luan go hAoine) nó trí ríomhphost a sheoladh chuig: EYPC@pobal.ie. Is féidir le soláthraí réamhscoile nó tuismitheoir nach bhfuil iarratas déanta aige ar AIM leibhéal 4 glaoch ar nó ríomhphost a sheoladh chuig EYSS chun glaoch teileafóin a eagrú le Speisialtóir Luathbhlianta i ndáil leis an bpróiseas iarratais freisin. Is féidir le EYSS comhairle a sholáthar maidir leis na tacaíochtaí oiriúnacha do leanbh, aistriú chuig an mbunscoil agus cabhrú le haon chéim den phróiseas iarratais ar thacaíochtaí spriocdhírithe.

I ndiaidh iarratas a dhéanamh, athbhreithneoidh Pobal an t-iarratas agus cuirfear an toradh in iúl don soláthraí agus don tuismitheoir. Féadfaidh iarratasóirí glacadh le, diúltú do nó tuilleadh faisnéise a lorg maidir leis an iarratas. Is féidir leis an tuismitheoir nó an soláthraí diúltú a achomharc tríd an Early Years Hive freisin. Is féidir gach ceist maidir leis an iarratas a chur faoi bhráid Pobal – (onlinesupport@pobal.ie / 01 5117222).

Cathain Iarratas a Dhéanamh

Ba cheart iarratais ar thacaíochtaí spriocdhírithe a dhéanamh i mí Bealtaine ionas go bhfuil gach rud eagraithe do thús na bliana réamhscoile, ach is féidir iarratas a dhéanamh am ar bith den bhliain.

Má bhogann leanbh atá ag fáil tacaíochtaí spriocdhírithe chuig réamhscoil eile, ní mór don soláthraí réamhscoile nua iarratas nua AIM a dhéanamh i dteannta le tuismitheoirí an linbh.

Má tá leanaí i seirbhís incháilithe chun tairbhe a bhaint as tacaíocht leibhéal 7 le haghaidh na dara bliana, ag filleadh ar an réamhscoil chéanna don dara bliain as a chéile, agus mura bhfuil aon athrú tagtha ar a ndálaí, ní mór don suíomh iarratas ar shíneadh don dara bliain a dhéanamh do gach leanbh incháilithe. Is féidir an t-iarratas seo a dhéanamh trí tháb AIM ar an Early Years Hive Platform.