Skip to main content

Tacaíochtaí Spriocdhírithe

Tacaíochtaí Spriocdhírithe

Freastalaíonn tacaíochtaí spriocdhírithe AIM ar raon leathan cumas agus tá siad dírithe ar riachtanais an linbh agus níl gá le diagnóis de mhíchumas. I gcás go leor leanaí, beidh tacaíochtaí uilíocha AIM oiriúnach chun cuimsiú a chinntiú. D’fhéadfadh, áfach, go mbeadh tacaíocht bhreise amháin nó níos mó ag teastáil ó leanaí áirithe chun a rannpháirtíocht lánbhrí i gclár ECCE a chinntiú.

B’fhéidir gurb éard a bheadh i gceist anseo comhairle agus tacaíocht speisialtóra, trealamh nó fearais speisialtóra, athruithe beaga san fhoirgneamh, idirghabháil theiripeach nó, i líon beag cásanna, cúnamh breise sa seomra réamhscoile.

Cé nach bhfuil maoiniú á sholáthar ag AIM do Chúntóirí Riachtanas Speisialta (SNAnna), i gcásanna áirithe d’fhéadfaí maoiniú a chur ar fáil chun an cóimheas idir leanaí agus aosaigh a laghdú nó chun  comhalta foirne breise a mhaoiniú mar acmhainn roinnte le leanaí eile sa suíomh ECCE.

Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait maidir le hiarratas a dhéanamh ar thacaíochtaí spriocdhírithe is féidir leat cuairt a thabhairt ar ár leathanach Conas Iarratas a Dhéanamh

Leibhéal 4: Comhairle Shaineolaíoch Chúram agus Oideachas na Luath-Óige

Tá AIM leibhéal 4 á sholáthar ag Seirbhís Speisialtóra Luathbhlianta Better Start  (Early Years Specialist Service, EYSS). Oibríonn Speisialtóirí Luath-Bhlianta i gcomhar le tuismitheoirí, soláthraithe réamhscoile, agus le gairmithe eile chun timpeallachtaí foghlama cuimsitheacha a fhorbairt i réamhscoileanna. Chomh maith leis sin, soláthraíonn EYSS oiliúnú agus meantóireacht don fhoireann réamhscoile atá ag tacú le leanaí atá ag glacadh páirte i gclár ECCE. Áirítear anseo Plean um Rochtain agus Cuimsiú a chruthú do leanaí, ar féidir é a úsáid chun tacaíocht agus acmhainní breise a shainaithint, a theastaíonn chun riachtanais an linbh sa seomra réamhscoile a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin, féadfaidh EYSS feidhmiú mar phointe teagmhála leis an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta chun tacú leis an aistriú chuig an mbunscoil.


Má theastaíonn cúnamh breise ó leanbh chun páirt lánbhrí a ghlacadh sa réamhscoil, is féidir le EYSS comhairle a thabhairt maidir conas iarratas a dhéanamh ar thacaíochtaí spriocdhírithe eile. Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait maidir le ról EYSS sa phróiseas iarratais tabhair cuairt ar an rannóg Conas Iarratas a Dhéanamh den suíomh gréasáin seo.

– “I rith phróiseas iarratais AIM bhí mé páirteach sa phlé idir mo sholáthraí seirbhíse cúraim leanaí, Better Start. Bhí ár Speisialtóir Luathbhlianta ar fáil chun aon cheist a bhí againn a fhreagairt.” – Emma Tobin, Tuismitheoir

Príomhdhoiciméid Leibhéal 4

Is oth linn nach bhfuil leaganacha Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil.

Leibhéal 5: Trealamh Speisialtóra, Fearais agus Mionathruithe

Faoi leibhéal 5, is féidir le AIM trealamh speisialtóra, fearais nó deontais chaipitil a sholáthar chun cabhrú le mionathruithe i bhfoirgneamh chun rannpháirtíocht lánbhrí linbh sa réamhscoil a chinntiú. D’fhéadfadh gurb éard a bheadh i gceist ardaitheoir, áis éisteachta nó rampa cathaoireacha rothaí, mar shampla. Cuirfear oiliúint ar sholáthraithe saor in aisce ionas go mbeidh siad in ann an trealamh a úsáid. Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an méid atá ar fáil faoi leibhéal 5 le fáil thíos.

“Tá gach rud a bhfuil le rá agam faoi AIM dearfach. Tá leanbh faoi mhíchumas fisiciúil i mo réamhscoil, agus trí AIM Leibhéal 5 bhí mise in ann ionad friothála agus cosán a shuiteáil ionas gur féidir leis an leanbh bogadh mórthimpeall ar an ionad gan stró. De bhrí gur ceadaíodh don leanbh seo páirt ghníomhach a ghlacadh i suíomh amuigh faoin aer tá feabhas suntasach tagtha ar a fhorbairt fhisiciúil agus shóisialta”.

Katie Glynn – Willow Outdoor Pre-school, Ros Comáin

Príomhdhoiciméid Leibhéal 5

Is oth linn nach bhfuil leaganacha Gaeilge de na hacmhainní seo ar fail.

Leibhéal 6: Tacaíochtaí Teiripeacha

Soláthraíonn AIM raon seirbhísí i gcomhar le FSS faoi thacaíochtaí teiripeacha. D’fhéadfadh go mbeadh na seirbhísí seo uilíoch nó spriocdhírithe. Is éard atá i gceist le seirbhísí uilíocha ná bileoga a sholáthar nó faisnéis tacaíochta eile. Is seirbhísí aonair iad seirbhísí spriocdhírithe agus d’fhéadfaí go n-áireofaí ina measc: pleananna tacaíochta iompraíochta, ranganna, trealamh, comhairle ghairmiúil nó cuairteanna réamhscoile. D’fhéadfaí tacaíochtaí a sholáthar trí Fhoireann Líonra na Leanaí faoi Mhíchumas (Children’s Disability Network Team, CDNT), Seirbhís Míchumais FSS, Eagraíocht Dheonach atá á maoiniú ag FSS nó Seirbhísí Cúraim Phríomhúil FSS.

Nuair a dhéantar iarratas le haghaidh tacaíocht AIM leibhéal 6, téann Speisialtóir Luathbhlianta Better Start i dteagmháil leis an teagmhálaí cuí in FSS, a thabharfaidh comhairle maidir leis an tacaíocht is fearr don leanbh.

Má tá aithne ag FSS ar an leanbh cheana féin, eagróidh an Speisialtóir Luathbhlianta glaoch teileafóin leis an teagmhálaí FSS atá sainaitheanta sa Phróifíl um Rochtain agus Cuimsiú. Ansin athbhreithneoidh siad na straitéisí cúraim sláinte atá bunaithe cheana féin don leanbh sin ionas gur féidir leo na straitéisí seo a threisiú leis an réamhscoil agus a chinntiú nach bhfuil aon choinbhleacht ag baint leis an bhfaisnéis atá á cur ar fáil don leanbh nó don réamhscoil.

Mura bhfuil aon aithne ag FSS ar leanbh, seolfaidh an Speisialtóir Luathbhlianta an Phróifíl um Rochtain agus Cuimsiú comhlánaithe chuig an teagmhálaí comhaontaithe FSS. Ceanglófar ar FSS freagra a sholáthar laistigh de 5 seachtaine ón iarratas ar thacaíocht a fháil ionas gur féidir rannpháirtíocht lánbhrí an linbh i gclár ECCE a chinntiú.

Leibhéal 7: Cúnamh Breise

Soláthraíonn tacaíocht AIM leibhéal 7 maoiniú breise do réamhscoileanna ina bhfuil leanbh óna dteastaíonn tacaíocht bhreise. Féadfaidh soláthraithe an maoiniú seo a úsáid chun an cóimheas idir leanaí agus aosaigh a laghdú sa seomra réamhscoile nó chun maoiniú a chur ar fáil do chomhalta foirne breise mar acmhainn roinnte le leanaí eile sa suíomh ECCE. Tá sé seo ar fad dírithe ar thacú leis an gceannaire réamhscoile rannpháirtíocht bharrmhaith do linbh a chinntiú. D’fhéadfadh go mbeadh torthaí dearfacha ag laghdú simplí sa chóimheas idir comhaltaí foirne agus leanaí ar leanaí faoi mhíchumas agus ar an seomra réamhscoile ar fad. Tuilleadh eolais anseo: Additional Assistance Information (PDF).

“Bronnadh AIM leibhéal 7 orm do leanbh i mo réamhscoil atá faoi mhíchumas fisiciúil. Thug sé seo deis don leanbh páirt a ghlacadh i ngach gníomhaíocht leis na leanaí eile, agus chiallaigh sé seo go raibh eispéireas réamhscoile an linbh seo agus na leanaí eile dearfach. De bhrí gur ceadaíodh don leanbh seo páirt ghníomhach a ghlacadh i suíomh amuigh faoin aer tá feabhas suntasach tagtha ar a fhorbairt fhisiciúil agus shóisialta”

Katie Glynn, Willow Outdoor Pre-school, Ros Comáin

Mar aitheantas don taighde atá á dhéanamh sa réimse seo, tá an tacaíocht seo deartha chun cuimsiú a fheabhsú agus rannpháirtíocht lánbhrí gan leanbh sa seomra a chinntiú. Ní hionann é agus samhail an chúntóra Riachtanas Speisialta atá dírithe ar thacaíochtaí do gach leanbh aonair.

Is féidir ráta de €210 sa tseachtain de Chúnamh breise a íoc le suíomhanna. (Tá sé seo bunaithe ar 15 uair sa tseachtain de chúnamh breise le haghaidh téarma 38 seachtain, agus ríomhtar éagsúlachtaí pro rata.)

“Chiallaigh an cóimheas níos ísle idir comhaltaí foirne agus leanaí go raibh breis solúbthachta ann ó lá go lá agus tá mo mhac éirithe i bhfad níos caintí agus níos glóraí i rith na chéad bhliana de thacaíocht AIM”.

Emma Tobin, Tuismitheoir

Tuilleadh Léitheoireachta