Skip to main content

Tacaíochtaí Uilíocha

Tacaíochtaí Uilíocha

Téann tacaíochtaí uilíocha AIM chun tairbhe na timpeallachta réamhscoile ar fad trí chur ar chumas soláthraithe réamhscoile cultúr níos cuimsithí a chruthú ina suíomhanna. Déantar é sin trí thairbhe a bhaint as; Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (Continuous Professional Development, CPD), cairt agus treoirlínte cuimsithe do réamhscoileanna agus cáilíocht Leibhéal 6 i gCeannaireacht um Chuimsiú sna Luathbhlianta (Leadership for Inclusion in the Early Years, LINC).

Leibhéal 1- Oiliúint Comhordaitheoir um Chuimsiú (LINC)

Is cáilíocht leibhéal 6 sainchuspóireach d’oideoirí luathbhlianta é  an cháilíocht sa Cheannaireacht um Chuimsiú sna Luathbhlianta (LINC) atá á reáchtáil ag Coláiste Mhuire Gan Smál agus tá á mhaoiniú go hiomlán ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (DCEDIY).

Leis an gcáilíocht seo, is féidir le comhaltaí foirne réamhscoile feidhmiú mar Chomhordaitheoir um Chuimsiú (INCO) i suíomh réamhscoile. Sa chás gur Comhordaitheoir um Chuimsiú láncháilithe an soláthraí seirbhíse nó sa chás go bhfuil Comhordaitheoir um Chuimsiú láncháilithe fostaithe sa suíomh réamhscoile, beidh an soláthraí sin cáilithe le haghaidh méadú de €2 do gach leanbh sa tseachtain ag an ráta de chaipitíocht ECCE atá iníoctha.

The LINC programme really increased my confidence in talking to parents about inclusion and disability. The lessons I have learned through the programme have spread to colleagues and has created a more inclusive and quality childcare experience in my pre-school.”

Margaret O Brien, Little Stars Montessori School, Laois

Má theastaíonn eolas uait maidir le conas iarratas a dhéanamh ar LINC nó caipitíocht mhéadaithe tabhair cuairt ar an leathanach Conas Iarratas a Conas Iarratas a Dhéanamh ar Thacaíochtaí Uilíocha ar ár suíomh gréasáin nó ar shuíomh gréasáin LINC.

Tá tuilleadh faisnéise le fáil sna doiciméid thíos maidir le LINC agus ról INCO

Príomhdhoiciméid don Chomhordaitheoir um Chuimsiú

Is oth linn nach bhfuil leaganacha Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil.

Leibhéal 1 – Oiliúint um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsitheacht (Equality, Diversity and Inclusion, EDI)

D’fhorbair DCEDIY an Chairt um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsitheacht chun tacú le daoine atá ag obair san earnáil a chumhachtú chun cleachtais chuimsitheacha a scrúdú, a thuiscint agus a fhorbairt a rachaidh chun tairbhe leanaí, a dteaghlach agus na sochaí trí chéile. Cabhraíonn oiliúint EDI le soláthraithe – cairt agus treoirlínte EDI a thuiscint, a gcairt um chuimsiú féin a chruthú dá suíomh féin, cur chuige frithchlaontachta a fhorbairt i gcúram luathbhlianta agus tuilleadh.

Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge den acmhainn seo ar fáil.

Tá na cúrsaí seo á gcur ar fáil saor in aisce agus ar fáil ar fud na tíre, agus tá tuilleadh faisnéise maidir le conas iarratas a dhéanamh le fáil ó do Choiste Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí (City and County Childcare Committee, CCC) áitiúil, agus is féidir leat eolas a fháil faoi do CCC áitiúil ag myccc.ie.

Leibhéal 3 – Forbairt Ghairmiúil Leanúnach

Chomh maith leis sin, tacaíonn AIM le suíomhanna trí chúrsa um Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach (CPD) a sholáthar i réimsí an mhíchumais agus an chuimsithe:

Hanen – Hanen Teacher Talk – cúrsa oiliúna trí lá do sholáthraithe, chun cabhrú leo cur ar chumas leanaí óga scileanna teanga agus litearthachta a fhorbairt.

Lámh – Lámh – córas teanga chomharthaíochta láimhe a úsáideann leanaí agus aosaigh atá faoi mhíchumas intleachta agus ag a bhfuil riachtanais chumarsáide.

SPEL – SPEL – seasann SPEL do chlár Ríomhfhoghlama Próiseála Ceadfaí agus cabhraíonn sé le soláthraithe tacú le leanaí ag a bhfuil deacrachtaí próiseála céadfaí.

Hanen, Lámh agus SPEL á gcur ar fáil ag Better Start. Tá SPEL á óstáil ar LMS (córas bainistíochta faisnéise) Better Start.

Acmhainní Breise do Chleachtóirí

Tá cúrsaí breise CPD ar fáil anseo: https://first5.gov.ie/practitioners/continuing-professional-development.