Tacaíochtaí AIM
Soláthraítear tacaíochtaí AIM trí chlár ECCE. Tá na príomhthacaíochtaí grúpáilte i dtacaíochtaí uilíocha nó spriocdhírithe. Tá tacaíochtaí uilíocha deartha chun cultúr níos cuimsithí a chruthú i suíomhanna Chúram agus Fhoghlaim na Luath-Óige, trí chúrsaí oiliúna agus cáilíochtaí don fhoireann a sholáthar. Sa chás nach leor tacaíochtaí uilíocha chun freastal ar riachtanais leanbh aonair, tá tacaíochtaí spriocdhírithe ar fáil lena chinntiú gur féidir leis an leanbh páirt lánbhrí a ghlacadh sa réamhscoil. Le cois na dtacaíochtaí spriocdhírithe agus uilíocha, soláthraíonn AIM treoirlínte maidir le dearadh uilíoch do shuíomhanna Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige agus acmhainní Súgartha Cuimsitheacha AIM.